Dia duit
Le Máiréad Ní Chinnéide
'An creideamh Athartha - Críoch nó Athfhás?" ba théama do Scoil Gheimhridh Chumann Merriman a bhí ar siúl i nDún Garbhán, Co Phort Láirge, ag an deireadh seachtaine.
Bhíothas in amhras faoi rogha an téama sin roimhe agus roinnt daoine den tuairim nach meallfadh sé slua chomh mór agus a fhreastlaíon n de ghnáth ar Scoil Merriman.
Ach bhí lucht a eagraithe fíorshásta leis an tinreamh. Breis agus 100 a chláraigh don deireadh seachtaine agus d'fhreastail a thrí oiread sin ar chuid de na himeachtaí.
Ach i bhfianaise an téama reiligiúnda a bhí ann ba thearc ar an talamh na baill den chléir a bhí i láthair.
Ní d'easpag, ach do bhall den chreideamh Iúdach, an stiúrthóir scannán Louis Marcus, a tugadh an cúram "an liathróid a chaitheamh isteach" mar a dúirt sé féin, agus an scoil a oscailt.
Cléireach áfach, an Beinidicteach, an Dr Seán Ó Duinn, a thug an chéad léacht faoi ábhar atá ag éirí anfhaiseanta le blianta beaga anuas an "spioradáltacht Cheilteach".
Muintir na tuaithe ab ea iad na Ceiltigh, a raibh a meon múnlaithe ag an dúlra, a dúirt sé. Thug sé samplaí faoin dóigh a d'athmhúnlaigh siad an Chríostaíocht de réir a meoin féin.
"Leag an Eaglais Rómhánach an bhéim ar Dhia tarchéimnitheach i bhfad i gcéin. Leag na Gaeil an bhéim ar Dhia inmheánach atá anchóngarach dúinn," a dúirt sé.
Bhí dearcaidh dhifriúla ar Dhia faoi chaibidil arís ag siompóisiam maidin Shathairn. Nocht Irene Ní Mháille, a chaith tréimhse sna 1950í ina beanrialta sa Nigéir, an tuairim gur dhearcadh fireann é an Dia tarchéimnitheach agus gur dhearcadh baineann é an Dia inmheánach pearsanta. Cé go bhfuil sí féin ina ball den "mháthaireaglais" is dóigh léi go bhfuil an Eaglais Chaitliceach "frithbhaineann ar bhealach scannalach".
Tá mná páirteach i ngach leibhéal in Eaglais na hÉireann ó vótáil an Sionad Ginearálta in 1990 mná a oirniú mar shagairt agus mar easpaig, a dúirt Valerie Jones sa chur síos a rinne sí ar Eaglais na hÉireann ó thús an chéid seo caite.
Níl bean ar bith ina heaspag go fóill. Tá thart faoi 50 oirnithe ina sagairt agus deichniúr i gceannas ar pharóistí mar reachtairí.
Is é an t-ordú Ne Temere de chuid na hEaglaise Caitlicí "an rud ba mheasa a tharla sa tír seo agus a rinne an damáiste is mó d'Eaglais na hÉireann sa chéad seo caite," a dúirt sí. Chuir an tordú iachall ar lánúin i bpósadh meascaithe geallúint scríofa a thabhairt go dtógfaí na páistí san Eaglais Chaitliceach.
Ainm Dé a naomhú an cuspóir mór atá ag Finnéithe Iavé, a dúirt Máirtín Mac Donnchadha, Raidió na Gaeltachta. Tá sé ina bhall den eaglais sin.
Ós rud é go gcreideann Críostaithe nach bhfuil ann ach Dia amháin is ait leis leisce bheith orthu A ainm pearsanta féin Iavé nó Jehovah a thabhairt Air.
Is dóigh leis go raibh "comhcheilg" ar bun nuair a cuireadh na focail an Tiarna in áit Iavé sa Bhíobla Caitliceach
An file Déiseach Tadhg Gaelach Ó Súilleabháin agus an dóigh a tháinig sé faoi thionchar an "réabhlóid deabhóide" i mblianta deiridh an 18ú haois a bhí faoi chaibidil ag an Dr Úna Nic Enrí i léacht fíorspreagúil a thug sí oíche Shathairn.
Bhí na dánta luatha a chum an file ar aon dul leis na dánta atá le fáil i nDánta Diadha Uladh, nó leis na cinn a bhailigh Dubhghlas de hÍde san iarthar, a dúirt sí, ach tháinig athrú air thart faoi 1792.
Tá rian láidir theagasc Chomhairle Trent agus an cosc ar dheasghnátha dúchasacha, a bhí ag dul i nirt san eaglais in oirthear na hEireann ag an am, ar a shaothar Pius Miscellany.
Foilsíodh an chéad eagrán den leabhar sin in 1802. Foilsíodh 20 eagrán ar fad den saothar céanna. Is é an tEaspag Ó Murchú, ar thug an cainteoir "easpag cúirte" air, a bhí taobh thiar dá scaipeadh agus a rinne "naomh Treinteach" den údar.
Yakki Da